Laoi an Chruthaite           

 

 

A Thiarna mhaith ró-aird na n-uile chumhacht,

Leatsa gach moladh is glóir, gach onóir is gach beannacht.

Duit féin amháin, a Ró-Aird, is cóir a dtabhairt

Is ní fiú aon duine d’ainmse a labhairt.

 

Moladh leat, a Thiarna liom, le do chréatúir go léir,

Go háirithe an Bráthair uasal Grian,

Óir soilsíonn sé an lá; is tríd a ghealann tú ár saol;

É niamhrach, é lonrach le sáráilleacht,

Gur leatsa féin is samhalta é, a Ró-Aird.

 

Moladh leat, a Thiarna liom, ón tSiúr Ré agus na réaltaí:

Chuir tú ar an spéir iad go soilseach, luachmhar, gléineach.

 

Moladh leat, a Thiarna liom, ón mBráthair Gaoth,

Ón aer, ó néalta, ó shoineann is ó gach síon

Ós tríothu a chothaíonn tú do chréatúir.

 

Moladh leat, a Thiarna liom, ón tSiúr Uisce

Atá fóinteach, umhal, glan, luachmhar.

 

Moladh leat, a Thiarna liom, ón mBráthair Tine.

Trina bhithin tugann tú solas don oíche

Agus é chomh hálainn suairc, chomh láidir groí.

 

Moladh leat, a Thiarna liom, ónár Siúr, an talamh thorthach,

A chothaíonn sinn is a sholáthraíonn ár mbeathú

Is a thugann meas is féar is bláthanna dath-áille.

 

Molaigí is móraigí an Tiara is gabhaigí bhur mbuíochas,

Is déanaigí a riar le móruirísle.

 

Moladh leat, a Thiarna liom, ón dream a mhaitheann cionta ar a ngrá duit

Is a fhulaingíonn easláinte agus céasadh.

Is aoibhinn dóibh a sheasann go buan i síth

Mar cuirf ear orthu, a Ró-Aird, coróin shíoraí.